Craobh Eochaille, Coiste Contae Chorcaí agus Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge

www.dailnamumhan.ie
TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ
…Maidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill…

Óstán Old Imperial
27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
10 ~ 11 Eanair 2020

Maidin Aoine, 10 Eanair beidh Ceardlanna ar an gCeapadóireacht,
ar Labhairt na Teanga, ar an bPrós ar an bhFilíocht
á reáchtáil i bPobalscoil na Trionóide in Eochaill
ag Mícheál Ó Ruairc, Múinteoir, Scríbhneoir agus File

Dé hAoine 10/01
19.30 Teacht le chéile
19.45 Oscailt le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
20.00 ~ 21.00 léacht (1) Cumadóireacht an Phróis agus na Fílíochta le Mícheál Ó Ruairc
21.30 ~ ceol traidisiúnta i mbeár an Óstáin

Dé Satharn 11/01
10.30 ~ 11.10 tae/caifé & gearrchaint ar Ar an imeall i lár an domhain le Colm Ó Ceallacháin
11.10 ~ 11.15 seoladh Feasta & Aonach Leabhar
11.30 ~ 12.30 cuairt: déanamh an scannáin Moby Dick in Eochaill á eagrú ag Liam Ó Laochdha
12.30 ~ 14.00 briseadh lóin
14.00 ~ 14.30 gearrchaint Scéalta Cois Trá le hAingeal Uí Dhomhnaill
14.30 ~ 15.30 léacht (2) Meath na Gaoluinne in Eochaill agus Gnéithe
de Chanúint Oirthear Chorcaí le Cian Ó Cionnfhaolaoidh
15.45 scor

Lóistín Is féidir praghas a fháil agus áirithint a dhéanamh díreach leis an óstán
Tabharfaidh an t-óstán ráta ar leith d’aoíonna, ach an tionól a lua
Óstán Old Imperial, 27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill, Co. Chorcaí
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
eolas breise
Liam Ó Laochdha (086)325 8271 olaochdha.l@gmail.com
Séamus Ó Máille (086)377 9071 jkomalley@eircom.net
Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie


Mícheál Ó Ruairc:
Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch i gCiarraí. Tá idir fhilíocht, ghearrscéalta agus phrós foilsithe aige le breis agus tríocha bliain anuas. A shaol caite go dtí seo aige i mbun múinteoireachta agus scríbhneoireachta. Leabhar nua filíochta Treaspásóir: Trespasser díreach foilsithe aige. Dlúthchaidreamh aige le scoileanna Chorcaí le blianta fada.

Colm Ó Ceallacháin
Foilsíodh cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin i 2017 (I dtír mhilis na mbeo, Cois Life) a ghnóthaigh an chéad duais do shaothar próis i gcomórtas an Oireachtais. Thug sé caint an bhliain chéanna ar shaol Shéamus Rua is a mhac ag an gcomhdháil ‘Ar an Imeall i lár an Domhain,’ an chéad chomhdháil Gaeilge a eagraíodh in Ollscoil Shéarlais, Prág.
Cian Ó Cionnfhaolaidh
Is as Eochaill ó dhúchas é Cian, duine do shliocht Uí Chionnfhaolaidh agus Uí Shúilleabháin is ea é. Thug sé aghaidh ar Naíonra Aingeal Uí Dhomhnaill, ar Ghaelscoil Choráin, dá chuid bunscolaíochta, agus ar Choláiste Eoin is ar Phobalscoil na Tríonóide don dTeastas Sóisearach. Dh’fhreastail sé ar Mheánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach don Ardteist ina dhiaidh sin. Do bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh céim sna healaíonaibh, Gaoluinn agus Tír Eolais, air i 2013, agus do bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach an bhliain dár gcionn. Do chuir sé máistreacht insa tSeana-Ghaoluinn dhe i 2015. Ó shoin i leith, thá tréimhsí tugtha aige mar mhúinteoir meánscoile agus mar léachtóir cúnta de chuid Roinn na Seana-Ghaoluinne. Do chrom sé ar dhochtúireacht anuraidh agus logainmneacha mar abhar tráchtais aige.

Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí – le bhúr dtoil