Gaeltacht Scholarship Competition – Scoláireachtaí Gaeltachta
Tá áthas ar CLG na Mumhan Comórtas Scoláireachta 2025 a fhógairt do scoláirí iar-bhunscoile idir 12-17 bliana d’aois ar mian leo freastal ar chúrsa Gaeltachta an samhradh seo (tréimhse 2 sheachtain ar a laghad).
Bronnfar scoláireacht iomlán amháin in aghaidh an chontae sa chúige. Clúdóidh na scoláireachtaí costas iomlán an chúrsa Ghaeltachta. Is iad seo a leanas na riachtanais iontrála:
Ní mór d’iarratasóirí a bheith ina mball reatha de CLG, LGFA nó de Chlub Camógaíochta i gCúige Mumhan.
Ní mór d’iarratasóirí idir 12 agus 17 bliana d’aois fístaifeadadh a chur isteach i nGaeilge d’fhad NÓIMÉAD AMHÁIN ar an ábhar seo a leanas:
An Fhoireann is fearr liom (bunaithe ar chluichí Gaelacha de gach cód)
Ba chóir go n-áireofaí san fhíseán freisin cur síos gairid ar fhéin ón scoláire, le hachoimre ar an spéis atá acu sa Ghaeilge agus sa chultúr.
Tá físeáin agus foirmeacha iarratais le cur isteach faoin 26 Feabhra 2025 Nasc chuig an bhfoirm iarratais le fístaifeadadh : https://forms.gle/6jcbFgXALD6SHuvN9
Is féidir le scoláirí a bhfuil iarratas déanta acu cheana féin ar pháirt-scoláireacht ina gcontaetha cur isteach ar an scoláireacht iomlán seo chomh maith.
Is féidir tuilleadh fiosruithe a sheoladh trí ríomhphost chuig oifigigh chultúrtha contae faoi seach: irishculturalofficer.clare@gaa.ie irishculturalofficer.cork@gaa.ie culturalofficer.kerry@gaa.ie irishculturalofficer.limerick@gaa.ie irishculturalofficer.tipperary@gaa.ie irishculturalofficer.waterford@gaa.ie
Fógrófar na buaiteoirí le linn Seachtain na Gaeilge 2025. Tabhair faoi deara go ndícháileofar éinne i mbun canbhasála.
Munster GAA is delighted to announce that the 2025 Scholarship Competition for second-level students aged between 12 – 17 years, wishing to attend a Gaeltacht course this Summer is now open for applications. (minimum stay 2 weeks).
One Full scholarship per county in the province will be awarded. Scholarships will cover the full cost of the Gaeltacht course. Entry requirements are as follows:
Applicants must be a current member of a GAA, LGFA or Camogie Club in Munster.
Applicants aged 12 – 17 are required to submit a video recording in Irish of ONE MINUTE’S duration on the following Topic:
An Fhoireann is fearr liom (Based on Gaelic games of all codes)
Video to also include a brief introduction of self from the student, outlining their interest in Gaeilge and our culture.
Videos and application forms to be submitted by February 26th, 2025 LINK TO APPLICATION FORM: https://forms.gle/6jcbFgXALD6SHuvN9
Students who have already applied for a partial – scholarship in their counties may also apply for this full scholarship.
Further queries can be directed by email to respective county cultural officers: irishculturalofficer.clare@gaa.ie irishculturalofficer.cork@gaa.ie culturalofficer.kerry@gaa.ie irishculturalofficer.limerick@gaa.ie irishculturalofficer.tipperary@gaa.ie irishculturalofficer.waterford@gaa.ie
Winners will be announced during Seachtain na Gaeilge 2025. Please note that canvassing will disqualify.
Go néirí go geal libh go léir!
Aedín Ní Bhriain
Oifigeach Forbartha Gaeilge, CLG na Mumhan